3 míle euro ceadaithe do cursaí traenaila do maístear sa Ghealtacht

Dinny McGinley
€3,000 ceadaithe ag an Aire Stáit don Ghaeltacht  Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., mar chabhair chun cúrsa  inseirbhíse do mhúinteoirí ó na Coláistí Gaeilge ar na siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais a eagrú.
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu go bhfuil deontas de €3,000 ceadaithe aige chun cúrsa  inseirbhíse aon lae do mhúinteoirí ó na Coláistí Gaeilge ar na siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais a eagrú.
Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil:
“Tá áthas orm an cúnamh seo a chur ar fáil. Beidh an cúrsa seo ina chabhair mhór do na múinteoirí ar fad a bheas ag teagasc ar na cúrsaí d’ábhar oidí amach anseo. Beidh deis ag léachtóirí na gColáistí Oideachais a gcuid saineolais a roinnt leis na múinteoirí a chuirfidh go mór le héifeacht na gcúrsaí agus guím gach rath ar na rannpháirtithe  ar fad”.

Advertisement
Advertisement
Advertisement
Advertisement