€4,800 ceadaithe ag Seán Kyne T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, d’Áislann Chill Chartha

Tá fógartha ag Seán Kyne TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas suas le €4,800 ceadaithe aige do Áislann Chill Chartha, Co. Dhún na nGall chun cur ar a gcumas an díon a dheisiú.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Tá obair den scoth ar siúl ag an gcoiste gníomhach seo ar son na Gaeilge.
Ó thaobh cúrsaí slándála de, tá an obair atá beartaithe acu práinneach agus riachtanach. Cabhróidh an deontas seo leo leanúint ar aghaidh leis an dea-obair agus iad ag freastal ar mhuintir na háite, idir óg agus aosta.”

Advertisement
Advertisement
Advertisement
Advertisement